$5 billiúin fiúchas do mhuintir na Zombaithe

Úna Caomhánach – Eagarthóir Gaeilge

Is dóigh go bhfuil zombaithe mar chuid den tsiúlóid mharbh ach tá a ranníocaíocht d’eacnamaíochta na cruinne an-láidir is beo. Na laethanta seo, baineann an seánra Zombaí le téama móréilimh, ní fhoirm cultais. Dar le 24/7 Wall St. go bhfuil fiúchas ag seánra Zombaí an lá inniu ag na billiúin dollar.

Caithfear smaoineamh faoin méid marsantachta atá á cruthú ag an seánra seo. Smaoinigh faoi dhíolachán DVD, na cluichí ríomhaireachta, na leabhair, na culaith d’Oíche Shamhna, siúlóid Zombaí do charthanachta agus chomhdháil na zombaithe fiú! Ansin, tabhair faoi deara na suíomh gréasáin bainteach le zombaithe, leathanaigh ar Facebook, YouTube, ceol na zombaithe… Níl an seánra ach ag méidiú ach an bhfuil an ghafacht don seánra seo bainteach le géarchéim gheilleagrach an domhain?

Deir údar Max Brooks ar a shuíomh Gréasáin: ‘A zombie story gives people a fictional lens to see the real problems of the world. You can deal with societal breakdown, famine, disease, chase in the streets, but as long as the catalyst for all of them is zombies, you can still sleep.’

Ní féidir figiúr díreach a fháil ar an méid airgid atá muintir na zombaithe á tarraingt isteach ach briseann 24/7 Wall St. eacnamaíocht na zombaithe síos mar seo:

Scannáin
> $2.5 billiúin

Tá an seánra zombaithe i scannáin ollmhór gauss is lair go bhfuil sé ag media go láidir. Rud éagsúil ná go bhfuil sárscannán George Romero, ‘Night of the Living Dead’, go hiomlán saor ó dhleachtanna. Mar sin nil mórán cumhachta aige in eacnamaíocht na zombaithe…

Tháinig leibhéal nua do na zombaithe nuair a tháinig Milla Jovovich ar an bhfód agus tháinig gnéasacht ar an seánra leis na scannáin Resident Evil. Dar le IMDB, gur tharraing na scannáin isteach níos mó ná $600 milliúin ar fud na cruinne. Tharraing Will Smith gar de $600 milliúin chomh maith lena scannáin ‘I Am Legend.’

Tá ráfla thart timpeall go mbeidh scéal leantach den scannáin ‘I am Legend’, tá scannán darb ainm ‘Zombie Island’ á cruthú, agus an bhliain seo chugainn tá an cúigiú gála de na scannáin ‘Resident Evil’ chun teacht amach.

Smaoinigh ar na méid athdhéanamh ar an scannán ‘Frankenstein’, tá na billiúin á táirgeadh ag na scannáin.

Cluichí ríomhaireachta
> $2.5 billiúin

Tá na cluichí thar a bheith rathúil. Tá go leor cáile ar na cluichí ‘Resident Evil’, ‘Doom’ agus ‘Call of Duty’ a tharraingíonn isteach na billiúin dollar gach bliain. Tá na cluichí ‘Resident Evil’ tar éis thart ar 46 milliúin a dhíol go dtí seo agus bhí na zombaí Naitsithe bainteach le hardú díolacháin Call of Duty. Deirtear seo, fiú go bhfuil díolachán cluichí ríomhaireachta níos láidre ná scannáin maidir leis an seánra seo.

Culaith d’Oíche Shamhna
> $500 milliúin

Is léir go bhfuil grá againn do na zombaithe, go háirithe am Oíche Shamhna. Ritheann na mílte isteach chuig na siopaí chun rudaí a cheannach ionas go mbeidh siad mar an zombaí is fearr…

Leabhair
> $100 milliúin

Tá cuid mhaith leabhair anois tar éis a bheith aistrithe mar scannáin. Tá an scéal ‘World War Z’ le Max Brooks chun a bheith ina scannán le Brad Pitt i 2012. Dhíol Seth-Grahame Smith na mílte leabhar nuair a scríobh sé zombaithe isteach i leabhar Jane Austen ‘Pride and Predjudice.’ Tá go leor leabhar ann bainteach le clann na zombaithe.

Greannáin agus gnáth tairgí
> $100 milliúin

Tá ‘The Walking Dead’ ceann de na greannáin is cáiliúla i dtonscail an ghreannáin. Tá Marvel Zombies tar éis léimt isteach sa seánra seo, cruthaigh siad domhan ailtéarnach, áit a bhfuil na caractair ó Marvel aistrithe go zombaithe.

Chomh maith le sin, tá liosta ollmhór do tháirgí atá ar díol bainteach le zombaithe idir t-léinte, cupáin, hataí agus cás do do iPhone.

Comhdháil, imeachtaí agus siúlóidí
> $10 milliúin

Feictear an tsiúlóid zombaí in Éirinn anois agus s’é go hiomlán mar a cheaptar. Gléasann daoine suas mar zombaithe agus siúlann siad timpeall na sráide. Ní hamháin sin ach anois tá rith na zombaithe agus ‘zombie pub crawls.’

Ealaín
> $10 milliúin

Samhlaigh ar na bannaí ceoil a n-úsáideann zombaithe ar a gcuid t-léintí, na postaeir a bhfuil tú in ann ceannach i HMV…  Tá clár fáisnéise ann darb ainm ‘Zombiemania’ in a bhfuil ealaíontóir Rob Sacchetto a dhíríonn isteach ar ealaín na zombaithe.

Ar líne
> $10 milliúin

Go háirithe ar Facebook feictear a lán rudaí bainteach le zombaithe. Tá níos mó na 3.7 milliúin ‘likes’ do leathanach The Walking Dead, níos mó na 3 milliúin ‘likes’ do scannán Resident Evil, a dhíríonn ar zombaithe chomh maith le 2.4 ‘likes’ ag an scannán Zombieland. Táimid gafa.

Ceol
> $10 milliúin

Níl ach focal amháin chun an seánra seo a chur i gcomhthéacs: Thriller. Is breá le ceoltóirí zombaithe. Samhlaigh faoin méid oibre a chuir John Landis isteach i bhfíseán ceoil Michael Jackson sna hochtóidí. Anois, samhlaigh faoi na méid macasamhlacha atá déanta go dtí seo!

Fiú mura theastaíonn uait, tá zombaithe fós láidir ar fud an domhain agus is dóigh go mbeidh siad lán ‘beo’ na blianta ina ndiaidh…

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.