Oideachas ar líne

Frances Mulraney

Fógraíodh go n-úsáidfear 80 faoin gcéad de chúrsaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath bogearraí foghlama ar líne faoi 2015.

Dúirt an Ollscoil go gcuirfear 15 chúrsa nua idir bhunchéime agus iarchéime ar fáil ar líne nó trí mheascadh den idirlíon agus léachtaí ón mbliain acadúil 2012/2013.

Faoi 2012, glacfaidh níos mó ná 100 foireann páirt i sain-traenáil ar chúrsaí foghlama ar líne agus 200 foireann eile faoi 2015.

Chomh maith le sin, tá comhaontú nua déanta ag an ollscoil le Google, a bhfuil ag riaradh an córas ríomhphoist san ollscoil faoi láthair. Ceannófar Chromebooks for Education a mbeidh ar fáil ag mic léinn i gcúrsaí áirithe agus iad saor in aisce le húsáíd.

Dúirt Uachtarán na hOllscoile, Brian MacCraith, go gceadóidh an cur chuige nua, foghlaim in aon áit, ag aon uair.

Is céim eile í seo sa bhealach ina bhfuil teicneolaíocht nua ag cur isteach ar chúrsaí acadúla in institiúidí tríú leibhéal. Chomh maith le Moodle, Blackboard, cartlann nuachtáin agus áiseanna eile, atá ag cabhrú le mic léinn ina gcuid staidéir, tá feidhmchláir fóin anois ag glacadh páirt inár saol acadúil. Tugtar deis do mhic léinn a gcuid oideachais a eagrú ar a bhfóin póca.

Tá iStudiez Pro ar fáil saor in aisce ar feadh ama teoranta, buíochas le campus.ie agus Apple. Is áis maith í iStudiez don mhac léinn a bhfuil fadhb acu ag cloí le spriocdhátaí. Ar an bhfeidhmchlár seo, is féidir sceideal a leagadh amach agus tionscadail agus measúnachtaí a eagrú. Tugtar d’amchlár duit i leagan amach soiléir agus intuigthe chomh maith le fógraí nuair atá spriocdháta agat go luath.

Tá feidhmchlár fóin nua, UpskillatDIT, forbartha ag Paul Kelly, léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, a cheadaíonn daoine cúrsaí Springboard a chuardach. Is clár é Springboard a chuireann cúrsaí saor in aisce ar fáil don neamhfhostaithe chun a gcuid scil a fheabhsú. Tá sé ag rith mar pháirt den chlár Forbairt Leanúnach Proifisiúnta atá ar siúl san institiúid, ag tabhairt tuilleadh deiseanna don neamhfhostaithe agus iad ag lorg poist.

Labhair an cruthaitheoir den fheidhmchlár, Paul Kelly, leis an College View faoin mbogearraí.

Dar leis, tá cúrsaí ríomhaireachta, ní amháin feidhmchláir, ag dul i dtreo gléasanna soghluaiste agus beidh sé úsáidte i go leor bealaí éagsúla. Chruthaigh sé an feidhmchlár seo saor in aisce mar is léachtóir é ar chúrsaí Springboard. Mheas sé gur cúis maith í mar tá na cúrsaí ar fad saor in aisce do dhaoine a bhfuil, ar an drochuair, neamhfhostaithe. Dar leis, leanfaidh an treocht seo ar aghaidh ar rudaí atá níos lú agus níos lú le tamall. Deir sé, “le linn mo shlí bheatha, táimse tar éis bogadh ó mhór-ríomhairí go dtí ríomhairí deisce, ansin chuig ríomhairí glúine agus anois, chuig ríomhairí boise cosúil leis an iPhone. Leanfaidh sé ar aghaidh go dtí uaireadóirí nó rud eiccint.”

Tá roinnt maith feidhmchláir fóin ar fáil ag cabhrú le Gaeilge chomh maith. Is é Greann Gaeilge an feidhmchlár is déanaí a chabhraíonn le briathra Gaeilge, chomh maith le fóram ina bhfuil aon ceist faoin nGaeilge freagartha agus tá sé saor in aisce. Tá Greann Gaeilge, UpskillatDIT agus iStudiez ar fáil anois ar iTunes.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.