An t-eagras ‘Anonymous’ chun Facebook a mhilleadh?

Una Caomhanach

Bhí plean ag dul timpeall go raibh Anonymous, an ghrúpa a dhéanann brádáil ar shuíomhanna idirlíne, chun Facebook a hionsíothláit ar 5ú Deireadh Fomhair den bhliain seo. Ach anois, níl an phlean sin chomh soléir.

Cruthaíodh Facebook i 2004 agus le níos mó ná 750 millúin baill ní ionadh é go bhfuil Anonymous ag iarraidh é a scriosadh. I Meitheamh láinseáil siad cúntas Twitter agus YouTube inar uaslódáil siad físeáin darbh ainm, ‘Message from Anonymous: Operation Facebook, Nov 5 2011’ ag cur a bplean in iúl. Is dáta suantasach é seo a dhéanann comóradh ar Guy Fawkes agus The Gunpowder Plot i 1605.

Úsáideann na bradaithe DDoS (Distributed Denial of Service), chun comhlachtaí a ionsú. Ciallaíonn sé seo go gcuireann siad víris isteach ina milte ríomhairí agus ionsaíonn na ríomhairí sin an t-íobartach ag an am chéanna ach ó ríomhairí éagsúla. Úsáideann an t-ionsaí achmhainní den íobartach ach ní ghoideann nó scrioseann sé aon eolais ó na ríomhairí atá ionfhabhtaithe.

Ach, de réir tweet a sheol Anon- Ops, ceann de na leathanigh oifigúla d’Anonymous, dúradh nach raibh ‘Operation Facebook’ eagraithe ach ag cuid de bhall an t-eagrais. Dúirt an ball nach raibh an t-eagras ag iarraidh Facebook a mhilleadh ach chun na fadhbanna maidir le príobháideachas a sholéiriú.

Caitheann baill den ghrúpa maisc agus hataí ar nós an scannán ‘V for Vendetta.’ Ba é Anonymous a raibh taobh thiar de na hionsaithe ar an bPeinteagán agus Newscorp. Chomh maith le sin d’ionsaigh siad Paypal agus seirbhísí airigeadais de bharr gur tharraing siad a sheibhísí ó Wikileaks, an suíomh sceithirí. Tá nasc láidir idir Anonymous agus an suíomh ábhailleach 4chan.org agus meastar go bhfuil na bail ina fichidí.

Ar an drochuair, níl foinse an físeáin soléir faoi láthair, ach is féidir le baill Facebook osna mhór a ligeant amach, mar go bhfuil siadsan sábháílte go fóill.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.